Leon na Seice ag seinm Chláirseach na hÉireann
LEON NA SEICE I nGLEIC LE CLÁIRSEACH NA hÉIREANN
MACHNAÍM, DÁ BHRÍ SIN, SCRÍOBHAIM  
Domhnach
22
Bealtaine
2011

Trí rud nár thaitin liom ar scoil

múinteoir ar buileNuair a thagann an chaint ar chúrsaí scolaíochta agus nuair a bhíonn daoine ag cuimhneamh ar a gcuid seanlaethanta scoile, tá rud amháin a deirim i gcónaí: má tá rud ar bith bainte amach agam i mo shaol, tá sé sin bainte agam in ainneoin na scolaíochta a fuair mé seachas a bhuí léi. Nuair a bhím féin ag machnamh siar ar mo laethanta scoile, ní cuimhní sona sásta atá iontu ach cuimhní lán de nimh agus de shearbhas. Fan go míneoidh mé cén fáth.

Sna scoileanna ar fhreastail mé orthu, bunscoil agus meánscoil araon, bhíodh an-bhéim i gcónaí ar chúrsaí údaráis, ordlathais agus smachta. Bhí ort, mar dhalta, ómós gan cheist a thabhairt don mhúinteoir, agus bhí smacht iomlán ag an mhúinteoir ortsa. Cé nach raibh aon phionós corpartha ar siúl, bhí na múinteoirí ag caitheamh linn ar bhealach nach mbeadh de théarma air i mbéarlagair na linne seo ach drochíde síceolaíoch. Ba dhaoine den dara grád muidne na daltaí agus ba gheall le déithe beaga iad na múinteoirí. Níor réitigh sé sin riamh liom, ansin ná anois, agus seans gur as sin a eascraíonn an doicheall instinneach atá fós agam, fiú sa lá inniu, roimh údarás d’aon saghas, cuma cé acu múinteoir nó póilín nó saoiste oibre atá romham.

Sin é, mar sin, an chéad rud nár thaitin liom ar scoil: róbhéim ar chúrsaí smachta. Seans go bhfuil cúrsaí imithe i bhfeabhas anois – m’anam tá súil agam go bhfuil! – ach b’shin mar a bhí le mo linn.

An dara rud a mhill an t-eispéireas orm ná gur caitheadh barraíocht ama ag foghlaim stuif nach raibh tábhacht leis. Bhí an córas scolaíochta ag leagan an-bhéime ar fhíricí loma a shealbhú, a fhoghlaim de ghlanmheabhair fiú, in ionad teagasc duit conas fíricí a mheas go criticiúil, conas machnamh go neamhspleách agus conas tú féin a chur in iúl go héifeachtach. Má tá aon cheann de na scileanna seo agam anois, ní ar scoil a d’fhoghlaim mé iad. Cuid mhaith dá raibh foghlamtha agam ar scoil, níorbh fhada go raibh sé dearmadta agam arís mar ba ghlagaireacht gan úsáid gan luach é.

Ina ainneoin sin, áfach, caithfidh mé a admháil go raibh deiseanna maithe foghlamtha ar fáil le linn mo scolaíochta chomh maith – ach iad a thapú. Faraor, níor thapaigh mise iad agus sin é an tríú rud – an rud is mó b’fhéidir – nach dtaitníonn liom anois agus mé ag cuimhneamh siar ar an scoil. An rud a dhéanann an scoil, an mheánscoil go háirithe, ná go gcuireann sé ábhar i do láthair. Is fút féin atá sé dul i ngleic leis an ábhar nó gan bacadh leis. In ainneoin na drise cosáin a bhíonn ag gabháil leis an scolaíocht i gcónaí, is deis mhór í do dhuine óg rudaí nua a fhoghlaim, a intinn a oscailt agus a chuid tuisceana ar an saol a leathnú. Ach bhí mise leisciúil agus níor bhac mé le faic, ní raibh uaim ach sleamhnú tríd an chóras gan barraíocht stró a chur orm féin. Duine folamh sotalach a bhí ionam agus mé óg, agus níl aon locht ar an scoil as sin – seachas b’fhéidir nár thuig siad mé agus nár thug siad an spreagadh ceart dom, ach sin locht thánaisteach ar a mhéad. Nuair a amharcaim siar ar mo scolaíocht, ní fheicim ach deiseanna curtha amú, agus is bocht an radharc é.

Ní fheadar cé chomh heisceachtúil is atá an taithí seo agam ná an bhfuil an scéal amhlaidh ag mórán daoine eile. Tá tuairim agam nach i m’aonar atá mé, áfach. Ní dóigh liom go bhfuil, ná go raibh riamh, aon tír ar domhan le córas scolaíochta foirfe a d’oibreodh go hiomlán ar leas na ndaltaí. Níor bhuail mé riamh le duine a bheadh ábalta a rá, go macánta, go bhfuil sé iomlán sásta leis an scolaíocht a fuair sé agus nár chuir an scoil aon iarbhlas searbh ar a shaol. Bíonn taithí daoine níos fearr nó níos measa, ag brath ar an tír agus ar an tréimhse ama ina ndeachaigh tú ar scoil, ach ní bhíonn sé iomlán sásúil riamh. Fágann an scoil beagán suaite muid go léir.

De dhéantús an duine an scoil agus dá bhrí sin níl sí foirfe: déanann sí níos mó damáiste ná leasa uaireanta. Is cuid den nádúr daonna é institiúidí iontacha uaillmhianacha a chur ar bun, agus ansin iad a mhilleadh lenár gcuid patuaire agus amaitéarachais, go dtí gur ar éigean a dhéanann siad an rud atá ceaptha dóibh. Tá sé sin fíor faoi gach aon ghné den saol: an córas polaitiúil parlaiminteach, an córas póilíneachta, an córas bailithe cánach, an córas scolaíochta leis. Agus, in ainneoin na nimhe is an tsearbhais a fágadh ionam, tá faoiseamh áirithe le fáil sa mhéid sin.

“barraíocht ama ag foghlaim stuif nach raibh tábhacht leis” !!!! Ach ní raibh orainn an Qurân ar fad a chur de ghlanmheabhar. ;-)

comments powered by Disqus
Creative Commons License
Tá na haltanna ar an bhlag seo faoi chóipcheart agamsa, Michal Boleslav Měchura, mura bhfuil a mhalairt ráite. Tá cead ag gach duine na haltanna seo a athúsáid cibé bealach is mian leo, iad a chur i gcló i bhfoilseacháin eile fiú, ach cloí le forálacha Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Ireland License.
RSS RSS