Leon na Seice ag seinm Chláirseach na hÉireann
LEON NA SEICE I nGLEIC LE CLÁIRSEACH NA hÉIREANN
MACHNAÍM, DÁ BHRÍ SIN, SCRÍOBHAIM  
Luan
6
Deireadh Fómhair
2008

Tír na teanga scoilte

Tá an t-alt seo thíos aistrithe agam ó alt a foilsíodh ar Café Babel. Cé gur ar an Bhealarúis a dhéanann sé trácht, is cinnte go gcuirfidh sé tír eile i gcuimhne dhuit!

Ní hé an t-uachtarán ollsmachtach Alexander Lukasienko an t-aon rud amháin atá ag scoilt an phobail sa Bhealarúis. An té is mian leis a bheith gníomhach go polaitiúil sa tír, caithfidh sé rogha teanga a dhéanamh: an Rúisis, nó an Bhealarúisis?

Cén dóigh ar chóir an focal “uachtarán” a scríobh sa Bhealarúisis, le túslitir mhór nó le túslitir bheag? Tá tuairim láidir i leith na ceiste seo ag Smitser Sauka, teangeolaí i Minsk na Bealarúise: os rud é nach ainm dílis é, ba chóir é a scríobh le túslitir bheag. Fós féin, tá leasú litrithe díreach sínithe ina dlí ag an uachtarán Alexander Lukasienko a shocraíonn gur le túslitir mhór a chaithfí teideal a oifige a scríobh feasta.

Níl sa leasú litrithe seo ach sampla de chomh fite fuaite is atá cúrsaí teanga agus cúrsaí polaitíochta sa Bhealarúis. Sa bhliain 1991, nuair a bhain a Bhealarúis neamhspleáchas amach, ba é “stát amháin, náisiún amháin, teanga amháin” an mana lena ndearnadh aonteanga oifigiúil an stáit den Bhealarúisis. Ní gach duine a bhí sásta droim láimhe a thabhairt don Rúisis, áfach, teanga atá á labhairt ag formhór den daonra ina saol laethúil. Is le tacaíocht ón mheoin seo a fuair céad uachtarán na tíre, Alexander Lukasienko, a bhua i dtoghchán 1994. Tá sé sa chumhacht ó shin.

“Is suarach an teanga í an Bhealarúisis,” a dúirt Lukasienko i gceann dá óráidí. “Níl ar domhan ach dhá mhórtheanga: an Rúisis agus an Béarla.” Agus reáchtáil sé reifreann 1995 inar chuir sé an cheist ar an phobal ar chóir don Rúisis a bheith ina teanga oifigiúil arís, ar chomhchéim leis an Bhealarúisis. Dúirt 80% díobh gur chóir.

Níl an scéal chomh simplí sin, áfach. Creid nó ná creid, tá formhór na mBealarúiseach “bródúil” as a dteanga náisiúnta, cé nach labhraíonn siad í. Nó sin í an t-aon chiall is féidir a bhaint as daonáireamh 1999: dúirt breis is 70% gurb í an Bhealarúisis a dteanga dhúchais, ach ní dúirt ach 40% go labhraíonn siad sa saol laethúil í.

Is í “Cumann na Bealarúisise” scátheagraíocht lucht tacaíochta na teanga. Is í an eagraíocht neamhrialtais is mó sa tír í, de réir a cathaoirligh, Aleh Trusau – an ceann is mó de na cinn atá fós dleathach, ar aon chuma. Tá ceanncheathrú acu i Minsk, áit a ndéanann siad leabhair agus dlúthdhioscaí Bealarúisise a dhíol.

In ainneoin a dtroda ar son cearta teanga, airíonn Cumann na Bealarúisise iad féin mar eagraíocht neamhpholaitiúil. Fós féin, is siombail thábhachtach í an teanga den agóid i gcoinne an uachtaráin Lukasienko. Tharla sé cheana gur bhuail na póilíní daoine toisc gur scread siad rosc sa Bhealarúisis nó gur labhair siad Bealarúisis le chéile. Daoine a chuireann a gcuid páistí ag scoileanna Bealarúisise, amharctar le hamhras orthu.

Ní hionann lucht na teanga agus lucht an fhreasúra, áfach. B’fhearr le Jurij Drakochrust, comhfhreagraí polaitiúil leis an stáisiún Radio Free Europe, an dá champa a áireamh mar champaí faoi leith, cé go bhfuil forluí eatarthu. “Ní tearc i measc lucht na Rúisise sa Bhealarúis daoine atá ar son neamhspleáchais,” a deir sé. Déanann fiú páirtithe tábhachtacha sa fhreasúra a gcuid feachtasaíochta trí mheán na Rúisise.

Baineann formhór de lucht labhartha na Bealarúisise leis an tuath, leis an tseanaois, agus le beagán oideachais. Is i ndiaidh an Aontais Shóivéadaigh atá cumha orthu, seachas i ndiaidh an Aontais Eorpaigh. Ar an taobh eile de, tá fás ag teacht ar líon daoine óga atá ina gcónaí sna cathracha, a bhfuil oideachas orthu, agus a shamhlaíonn blas an reibiliúnachais leis an Bhealarúisis. Is daoine iad seo a bhaineann leas as an Idirlíon chun a gcuid tuairimí a léiriú. Scríobhann siad chuig a chéile ag leithéidí Facebook agus tá cairde san Iarthar acu. Agus dá mba fúthu a bheadh cinneadh a dhéanamh maidir le leasú litrithe na Bealarúisise, is cinnte go scríobhfaidís “uachtarán” le túslitir bheag.

Anois a chairde, cén tír eile a chuireann sé seo i gcuimhne daoibh?

N’fheadar. An Bheilg Pléamannach? Lucht na hUltaise? Is cinnte nach ar na Gael [idir neamh agus fíor] Ghaelacha atá tú ag trácht?

Cinnte, ní hí an Ailgéir í, an tríú tír is mó labhairt na Fraincise ar domhain. Bhí dhá theanga oifigiúla aici go dtí le déanaí agus timpeall deich mbliana ó shoin baineadh a stádas ón Fhraincis. An Araibis an t-aon teanga oifigiúil amháin atá aici anois!

comments powered by Disqus
Creative Commons License
Tá na haltanna ar an bhlag seo faoi chóipcheart agamsa, Michal Boleslav Měchura, mura bhfuil a mhalairt ráite. Tá cead ag gach duine na haltanna seo a athúsáid cibé bealach is mian leo, iad a chur i gcló i bhfoilseacháin eile fiú, ach cloí le forálacha Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Ireland License.
RSS RSS