Leon na Seice ag seinm Chláirseach na hÉireann
LEON NA SEICE I nGLEIC LE CLÁIRSEACH NA hÉIREANN
MACHNAÍM, DÁ BHRÍ SIN, SCRÍOBHAIM  
Céadaoin
24
Deireadh Fómhair
2012

Slán leis an teilifís

teilifíseán á chaitheamh amach an fhuinneogBhuel, tá sé déanta: chaith muid an teilifíseán sa bhosca bruscair ar maidin. Agus an teilifís analógach á múchadh inniu ar fud Phoblacht na hÉireann, shocraigh mo bhean is mise an deis seo a thapú, gan uasghrádú chuig an chóras nua Saorview, agus an teilifís a dhíbirt as ár saol go deo.

Is cuimhin liom fós na seanlaethanta nuair a bhí mé óg agus neamhspleách agus ní raibh teilifís agam. Ní raibh mé míshásta. Níl mé ag súil le bheith míshásta an uair seo ach oiread. Beidh breis ama agam chun dul i mbun rudaí níos fiúntaí seachas stánadh ar an bhosca – níos mó blagála a dhéanamh, mar shampla.

Agus má mhothaíonn muid an teilifís uainn ar chor ar bith amach anseo, ní deacair teacht ar chraoladh teilifíse ar an Idirlíon – ní gá ceadúnas teilifíse a íoc as sin fiú!

Is annamh a fheicim ar an gcianamharcán ar na saolta seo agus ní haon mhatalang é. Ach os a choinne sin, caithim an lá ar fad ag obair os comhair scáileán ríomhaire leathain agus nuair nach mbím ag obair le ríomhaire bím ag breathnú ar mo ghuthán cliste agus déanamh rudaí air sin. N’fheadar cé acu is measa...

ní gá ceadúnas teilifíse a íoc as sin fiú!

Ná déan talamh slán de sin! Bhí caint ag an gCoinín ar tháille a ghearradh ar theaghlaigh ina bhfuil ríomhaire ach gan teilifís.

Go n-éirí libh. Ní dóigh liom go n-aireoidh sibh uaibh é. Ach faoi mar a deireann Aonghus, nílim cinnte nach bhfuil ceadúnas teilifíse fós ag teastáil. Tagann teachtaireacht aníos ar BBC iPlayer go minic anseo sa RA ag cur in iúl go bhfuil ceadúnas ag teastáil chun breathnú air.

“Bhí caint ag an gCoinín ar tháille a ghearradh ar theaghlaigh ina bhfuil ríomhaire ach gan teilifís.”

Mar atá déanta cheana féín sa Ghearmáin.

Ní raibh teilifís ná aeróg againne riamh ó phós muid in 2000 ach nuair a tháinig na páistí fuair muid seinnteoir DVD ionas go mbeadh smacht againne ar a bhfeicfeadh siad. Bainimid an-úsáid anois as seinnteoir idirlín TG4, iPlayer, BBC Alba, Clic SP4 agus seinnteoir idirlín Channel 4. Tá nuacht na Fraince saor in aisce ar shuíomh TF1, France 2 etc, agus tá go leor clár iomlán saor in aisce ar Canal+. Ní bhíonn a dhath ar fiú breathú air ar seinnteoir RTÉ. Fiú na cluichí móra CLG, ní bhíonn cead againne breathnú orthu cionn is go bhfuil an chúinne thoir thuaidh seo ina bhfuil muid den tír atá á riar ag an RA, dar le RTÉ, “thar sáile” nuair a bhíonn na cluichí sin ag dul. Dála an scéil, níl gá le ceadúnas teilifís i críocha an RA le coimhéad ar chláracha taifeadta ar iPlayer. Bíonn ceadúnas de dhíth le breathnú ar chláracha beo amháin.

comments powered by Disqus
Creative Commons License
Tá na haltanna ar an bhlag seo faoi chóipcheart agamsa, Michal Boleslav Měchura, mura bhfuil a mhalairt ráite. Tá cead ag gach duine na haltanna seo a athúsáid cibé bealach is mian leo, iad a chur i gcló i bhfoilseacháin eile fiú, ach cloí le forálacha Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Ireland License.
RSS RSS