Leon na Seice ag seinm Chláirseach na hÉireann
LEON NA SEICE I nGLEIC LE CLÁIRSEACH NA hÉIREANN
MACHNAÍM, DÁ BHRÍ SIN, SCRÍOBHAIM  
Domhnach
17
Samhain
2013

Réabhlóid na Veilbhite

Leacht cuimhneacháin ar Réabhlóid na Veilbhite i bPrágAr an lá seo 24 bliain ó shin, 17 Samhain 1989, thosaigh eachtra thábhachtach i stair Phoblacht na Seice – nó na Seicslóvaice, mar a bhí ag an am: Réabhlóid na Veilbhite. Chuir an réabhlóid shíochánta seo deireadh le deachtóireacht na gcumannach sa tír.

Fiú roimh an dáta sin, bhí cúrsaí ag corraí sa tSeicslóvaic féin agus sna tíortha cumannacha eile máguaird. Bhí léirsithe frithchumannacha ar siúl cheana féin isteach is amach ó mhí Dheireadh Fómhair 1988. Ach ba ar an dáta seo, 17 Samhain 1989, a tharla an léirsiú ba thábhachtaí i lár na cathrach i bPrág. Chuir na húdaráis faoi chois go fuilteach é, rud a mhúscail an pobal chun gnímh. Chuathas i mbun stailce agus cuireadh eagraíochtaí ar bun chun brú a chur ar an rialtas.

Iontas na n-iontas, thosaigh na cumannaigh ag géilleadh, agus ghéill siad níos tapúla ná mar a shamhlófaí. Rinne an tUachtarán an chéad rialtas neamhchumannach a ainmniú timpeall is mí ina dhiaidh, agus d’éirigh sé féin as an uachtaránacht. Toghadh Václav Havel, an scríbhneoir agus easaontóir clúiteach, ina uachtarán nua go gairid roimh dheireadh na bliana. Mar chríoch ar an phróiseas, reachtaíodh olltoghchán i mí an Mheithimh 1990, an chéad olltoghchán daonlathach a bhí sa tír ó 1946. Bhí an tír athraithe ó bhun go barr taobh istigh de chúpla mí.

Bhí mé féin sa chéad bhliain ar an mheánscoil agus é seo ag tarlú. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an atmaisféar corraitheach dearfach a bhí tríd an phobal. Cé gur réabhlóid a bhí ann go teicniúil, ní raibh aon fhoréigean i gceist ó cheachtar taobh. Ar chúis éigin, chinn an rialtas gan iarracht a dhéanamh an réabhlóid a chur faoi chois go foréigneach. Is as sin a thagann an veilbhit in ainm na réabhlóide.

An t-aon eachtra fhuilteach dár tharla ná an léirsiú cinniúnach sin 17 Samhain. Tá cuimhneachán don eachtra sin ar shráid Národní i bPrág (féach pictiúr). Ní minic a bhím i bPrág na laethanta seo, ach nuair a bhím ann agus nuair a tharlaím dul thart ar an chuimhneachán seo, stopaim ar feadh tamaill agus cuimhním ar a thábhachtaí is atá an dáta seo don tír, agus dom féin go pearsanta. Murach eachtra an lae sin, cá bhfios cá mbeinn inniu agus cad a bheadh ar bun agam?

comments powered by Disqus
Creative Commons License
Tá na haltanna ar an bhlag seo faoi chóipcheart agamsa, Michal Boleslav Měchura, mura bhfuil a mhalairt ráite. Tá cead ag gach duine na haltanna seo a athúsáid cibé bealach is mian leo, iad a chur i gcló i bhfoilseacháin eile fiú, ach cloí le forálacha Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Ireland License.
RSS RSS