Leon na Seice ag seinm Chláirseach na hÉireann
LEON NA SEICE I nGLEIC LE CLÁIRSEACH NA hÉIREANN
MACHNAÍM, DÁ BHRÍ SIN, SCRÍOBHAIM  
Céadaoin
7
Bealtaine
2014

Ná luaitear an cogadh!

Tá físchomhdháil ar siúl i gcomhlacht ilnáisiúnta. Tá daoine as iliomad tíortha Eorpacha páirteach inti. Tá an comhrá ag teacht chun deiridh agus níl fágtha ar an chlár ach dáta don chéad fhíschomhdháil eile.

Gearmánach: “An bhfuil gach duine sásta físchomhdháil eile a dhéanamh Déardaoin, 8 Bealtaine?”
Polannach: “Ní féidir linne, lá saoire againn é.”
Francach: “Ná linne, lá saoire é freisin.”
Sasanach: “Is oth liom, lá saoire abhus é chomh maith.”
Gearmánach (lena chomhghleacaí): “Cén fáth nach lá saoire é againne?”
Comhghleacaí an Ghearmánaigh: “Toisc gur buaileadh ár sinsir sa chogadh, a thaisce.”

(Tá an scéilín seo goidte agam ó rud a chonaic mé ar Facebook.)

comments powered by Disqus
Creative Commons License
Tá na haltanna ar an bhlag seo faoi chóipcheart agamsa, Michal Boleslav Měchura, mura bhfuil a mhalairt ráite. Tá cead ag gach duine na haltanna seo a athúsáid cibé bealach is mian leo, iad a chur i gcló i bhfoilseacháin eile fiú, ach cloí le forálacha Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Ireland License.
RSS RSS