Leon na Seice ag seinm Chláirseach na hÉireann
LEON NA SEICE I nGLEIC LE CLÁIRSEACH NA hÉIREANN
MACHNAÍM, DÁ BHRÍ SIN, SCRÍOBHAIM  
Máirt
21
Deireadh Fómhair
2008

Des Führers Tod

Jörg HaiderBreis is seachtain ó shin, i ndeisceart na hOstaire, tharla timpiste bóthair inar maraíodh duine de na daoine ba chonspóidí i bpolaitíocht na hEorpa: Jörg Haider, fear mór na heite deise a bhí ina namhaid glórach don inimirce, do na mionlaigh eitneacha agus do “na heachtrannaigh” go ginearálta, fear a raibh macalla an fhaisisteachais ina chuid bolscaireachta. Bhí sé ina chathaoirleach ar BZÖ, an “Chomhghuaillíocht um Thodhchaí na hOstaire”.

An rud atá suntasach faoina bhás ná go raibh a pháirtí díreach tar éis an t-olltoghchán a bhuachan, i dteannta lena gcomhbhádóirí an FPÖ (“Páirtí Síochánta na hOstaire”). Is cosúil nach raibh aon bhaint idir an dá heachtra, áfach. Ní raibh ann ach gnáth-thimpiste bóthair, róluas faoin charr. Fós féin, tarraingíonn sé seo aird ar an Ostair, aird atá tuillte go maith aici ó tharlaíonn polaitíocht na tíre sin bheith chomh hait agus atá.

Cogar, conas is féidir le dream pobalach na heite deise toghchán a bhuachan in aon tír Eorpach na laethanta seo? Nach bhfuil na dreamanna seo in ainm is a bheith imeallach? Bhuel, ní mar sin atá san Ostair. Mar a dúirt an nuachtán Seiceach Lidové noviny, is ionann an dream a thug vóta do Haider agus an saghas sin daoine a thug vótaí do Hitler fadó. Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil flúirse na ndaoine seo san Ostair, níos mó ná mar is gnách i dtíortha eile.

Deirtear gurb í an Ostair an t-aon tír nach ndeachaigh i ngleic lena stair fhaisisteach i gceart riamh (murab ionann agus an Ghearmáin féin), agus níor bhain an t-olltoghchán deireanach aon phioc den droch-cháil sin. Ní athróidh bás phobalóir beag na hOstaire tada faoi.

Freiheitliche = Pairtí Liobarálach nó Pairtí na Saoirse.

Sa mhéid agus go bhfuil tuathghríosóir de dhíth do dhrong mar sin, tá súil agam go mbeidh laige éigin ar an ngluaiseacht úd.

Ní dóigh liom go bhfuil an Ostair chomh heisceachtúil sin - tá dronganna den eite dheis san Fhrainc agus sa Ghearmáin féín.

Aontaíom leat nach bhfuil aghaidh tugtha acu ar a stair fós - de bharr an tuiscint gurbh íobairtaigh iad - rinneadh ionradh orthu tar éis an tsaoil!, de bharr an stádas idir thoir agus thiar le linn an cogadh fuar, agus rl.

Chuir duine éigin síos ar an bPolaitíocht mar “ealaín na bhféidireachtaí”. Is fearr go mór go gcuireann daoine a dtuairimí in iúl trí pholaitíocht seachas trí mhaistíneacht. Agus i gcead do lucht scríte nuachtán na Seice, is beag duine atá saor ó dhuailcí, an Seiceach san áireamh

comments powered by Disqus
Creative Commons License
Tá na haltanna ar an bhlag seo faoi chóipcheart agamsa, Michal Boleslav Měchura, mura bhfuil a mhalairt ráite. Tá cead ag gach duine na haltanna seo a athúsáid cibé bealach is mian leo, iad a chur i gcló i bhfoilseacháin eile fiú, ach cloí le forálacha Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Ireland License.
RSS RSS