Leon na Seice ag seinm Chláirseach na hÉireann
LEON NA SEICE I nGLEIC LE CLÁIRSEACH NA hÉIREANN
MACHNAÍM, DÁ BHRÍ SIN, SCRÍOBHAIM  
Déardaoin
27
Nollaig
2012

An tEasaontas Eorpach

An tAontas EorpachNuair a fógraíodh gur ar an Aontas Eorpach a bhronnfaí Duais Nobel na Síochána 2012, cuireadh fáilte roimh an scéal i mballstáit áirithe ach tarraingíodh tráchtaireacht tharcaisneach i neart ballstát eile. Ag ócáid bronnta na duaise in Oslo níos déanaí sa bhliain, bhí dhá bhallstát ar dhiúltaigh a gcinn stáit freastal uirthi: An Ríocht Aontaithe agus Poblacht na Seice. Sa Ríocht Aontaithe, dhiúltaigh an príomhaire David Cameron freastal ach chuaigh an leas-phríomhaire Nick Clegg ina áit. Cás ar leith is ea Nick Clegg toisc a dhearcadh sár-fhabhrach don Eoraip, dearcadh atá tearc go leor i saol na polaitíochta thall. I bPoblacht na Seice, dhiúltaigh idir an t-uachtarán Václav Klaus agus an príomhaire Petr Nečas. Ní haon iontas é sin toisc dearcadh sár-fhuarchúiseach na beirte i leith an Aontais Eorpaigh. Bheadh fonn ar an aire gnóthaí eachtracha Karel Schwarzenberg dul ann, is geall le Nick Clegg na Seice eisean, ach níor tugadh cuireadh dó siúd toisc nach ceann stáit é. Tá ceacht le foghlaim as seo: más mian leat scoilt a chothú i measc grúpa daoine, bronn duais orthu!

Ceacht eile atá le foghlaim as scéal na duaise síochána ná go léiríonn na heachtraí a lean é a éagsúla is atá leagan amach na mballstát i leith an togra Eorpaigh. Cinnte, ní chuirfidh sé iontas ar aon duine nach ar aon tuairim a bhíonn ballstáit an Aontais Eorpaigh i gcónaí ar cheisteanna polasaí ó lá go lá, ach tá easaontas níos bunúsaí á léiriú anseo. Chun “an t-easaontas Eorpach” seo a thuiscint, ní mór dúinn dul ar ais chuig na bunphrionsabail ar ar bunaíodh an tAontas Eorpach fadó, agus féachaint ar an chlaochlú a tháinig ar na bunphrionsabail ó shin.

Déantar dearmad go minic gur ar mhaithe leis an tsíocháin a cuireadh réamhtheachtaí an Aontais Eorpaigh ar bun ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda. Is é mo léamh ar an chuid sin den stair ná, lena rá go simplí, gur tháinig eagla ar an Eoraip roimpi féin. Tar éis ár an chogaidh, thuig tíortha móra an iarthair, leithéidí na Gearmáine agus na Fraince, go bhfuil sé de chumas acu scrios ollmhór a dhéanamh má ligeann siad dá gcuid feargaí imeacht as smacht. Thuig siad go gcaithfidh siad an cumas scanrúil seo a bhaint díobh féin go deo, agus bhí siad sásta íobairt a dhéanamh ar a shon sin. An íobairt ná cuid dá neamhspleáchas a thabhairt uathu is é a bhronnadh ar chomhstát uile-Eorpach. D’éirigh go geal leis an togra sin mar ní raibh cogadh san Eoraip ó shin (taobh amuigh de cheantair imeallacha i bhfad ón Aontas Eorpach). Is ar a shon seo, agus ar a shon seo amháin, atá Duais Nobel na Síochána lántuillte ag an Aontas Eorpach.

Déantar dearmad, freisin, gurb é Winston Churchill a chéadchum an smaoineamh gur cheart do thíortha Eorpacha comhstát a dhéanamh. As an Bhreatain a tháinig an coincheap, ach ní raibh sé i gceist ag Churchill an Bhreatain a bheith istigh ann. Ní raibh gá ag an Bhreatain lena leithéid mar ní raibh eagla uirthi roimpi féin, ná cúis aici léi. San áit ar cúis náire an Dara Cogadh Domhanda do neart tíortha ar mhór-roinn na hEorpa, is cúis bróid é don Bhreatain: d’éirigh leo a bhfód a sheasamh is an t-olc a chloí. Maireann an dearcadh seo go dtí an lá inniu. Ní dheachaigh an Ríocht Aontaithe san Aontas Eorpach go dtí gur thuig siad gur buntáiste dóibh é go heacnamaíoch. Anois agus an buntáiste ag iompú ina mhíbhuntáiste, tá fonn orthu imeacht. Ina fhianaise seo, níl sé chomh haisteach nach raibh David Cameron i láthair in Oslo.

Ar aghaidh linn anois as an Ríocht Aontaithe go Poblacht na Seice. Amharcaimis ar an tír seo mar shampla de thír iarchumannach i lár agus in oirthear na hEorpa. I gcás na dtíortha seo, ní cúis náire dóibh an Dara Cogadh Domhanda agus ní cúis “eagla romhainn féin” é a oireadh. Tá formhór na dtíortha seo beag go leor agus nua go leor. Ní fhearann siad cogaí, feartar cogaí orthu. Amharcann siad ar a stair féin mar stair troda i gcoinne forlámhais, ar son neamhspleáchais. Fearacht na Breataine, chuaigh na tíortha seo isteach san Aontas Eorpach toisc gur buntáiste dóibh é go heacnamaíoch agus, sa bhreis air sin, toisc go bhfuil luach siombalach ag roinnt lena mballraíocht: mothaíonn siad gur cuid den sibhialtacht iartharach anois iad. Sin a bhfuil de. Ní cás leo bunphrionsabal síochána an Aontais Eorpaigh agus níl fonn orthu a neamhspleáchas a íobairt go gairid i ndiaidh dóibh é a bhaint amach ó impireacht an Aontais Shóivéadaigh. Go deimhin, comparáid a dhéanamh idir an dá “haontas” seo, is cleas coitianta é ag an aos frith-Eorpach sna tíortha sin. I bPoblacht na Seice go háirithe atá an tuairimíocht seo thar a bheith coitianta, agus sin an fáth nár fhreastail uachtarán ná príomhaire na tíre ar an ócáid bronnta in Oslo.

Anois agus líon ard tíortha san Aontas Eorpach nach bhfuil an tuiscint chéanna acu ar sprioc na heagraíochta is a bhí ag na tíortha bunaidh, tá athrú i ndán don Aontas gan dabht. Léirigh bronnadh na duaise an méid sin. Ní fios go fóill cén treo a rachaidh an togra Eorpach feasta, ach sin ceist do lá eile. Idir an dá linn, bainimis sásamh as an duais mar chomhartha go bhfuil sprioc amháin, ar a laghad, comhlíonta ag an chomhstát seo ina maireann muid.

Plé tuisceanach ar stair an Aontais. GRMA. GRMA freisin as Pota Focal. Bainim úsáid as sách minic anois. Cén chaoi a bhfuil cúrsaí ansin?

comments powered by Disqus
Creative Commons License
Tá na haltanna ar an bhlag seo faoi chóipcheart agamsa, Michal Boleslav Měchura, mura bhfuil a mhalairt ráite. Tá cead ag gach duine na haltanna seo a athúsáid cibé bealach is mian leo, iad a chur i gcló i bhfoilseacháin eile fiú, ach cloí le forálacha Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Ireland License.
RSS RSS