Leon na Seice ag seinm Chláirseach na hÉireann
LEON NA SEICE I nGLEIC LE CLÁIRSEACH NA hÉIREANN
MACHNAÍM, DÁ BHRÍ SIN, SCRÍOBHAIM  
Luan
2
Bealtaine
2011

An bríce deireanach – nó ab ea?

an tAontas EorpachCeann de na bunphrionsabail atá ag an Aontas Eorpach ná go bhfuil cead ag gach saoránach taisteal, maireachtáil agus obair áit ar bith san Aontas, cuma cén ballstát ar as dó nó di ó dhúchas. Nó, ar a laghad, sin mar a bhí go dtí 2004. Cad a tharla sa bhliain sin?

In 2004, tháinig lear mór tíortha iar-chumannacha isteach san Aontas Eorpach: an Pholainn, Poblacht na Seice, an tSlóvaic agus eile. Toisc go raibh eagla ar roinnt daoine roimh ró-inimirce ó na tíortha “nua” seo, socraíodh go gcuirfí srianta i bhfeidhm maidir leis na cearta fostaíochta a bhí le bheith ag saoránaigh na dtíortha sin. Cuireadh clásal speisialta isteach sna conarthaí a thug cead do “sheantíortha” an Aontais Eorpaigh ceart fostaíochta a cheilt ar shaoránaigh na mballstát nua, dá mba mhian leo é, go ceann seacht mbliana ar a mhéid. An Ghearmáin agus an Ostair go háirithe a bhain lánleas as an chlásal speisialta seo toisc go bhfuil teorainn acu le cuid de na ballstáit nua seo. (Tíortha atá i bhfad ar shiúl ó lár na hEorpa, leithéidí na hÉireann seo againne, níor bhac siad le haon srianta a chur i bhfeidhm.)

An fáth a bhfuil mé á rá sin ar fad ná go bhfuil, ar an chéad lá de mhí Bealtaine na bliana seo, deireadh tagtha leis an tréimhse eisceachtúil seo. As seo amach, níl an clásal speisialta sin i bhfeidhm níos mó. Na tíortha sin a tháinig isteach san Aontas in 2004, tá lánchearta fostaíochta ag a gcuid saoránach ar fud an Aontais anois. Is cosúil nár tugadh aon suntas don tarlúint sin sna meáin in Éirinn, ach tugadh suntas go leor di sna tíortha lena mbaineann an scéal, ar gach taobh den sean-Chuirtín Iarrainn.

Tá tábhacht ag baint leis, cé gur tábhacht shiombalach é níos mó na tábhacht phraiticiúil. Tá lánbhallraíocht sa chlub againn anois, ní saoránaigh den dara grád muid níos mó. Go deimhin, d’fhéadfá dul thar fóir leis an siombalachas agus a rá go bhfuil “an bríce deireanach bainte as an chuirtín iarrainn”. Ach an bhfuil, i ndáiríre? Tá mé rud beag in amhras faoi.

Cinnte, tá mé sásta go bhfuil cead agam agus ag mo leithéidí anois glacadh le fostaíocht sa Ghearmáin (cé nach bhfuil fonn orm féin aon leas a bhaint as: tá mé sásta mar a bhfuil mé). Ach fágann sé iarbhlas searbh i mo bhéal go raibh an tréimhse seacht mbliana ann ar chor ar bith, go bhfacthas do dhaoine go raibh gá leis. Go hidéalach, ní cóir aon difríocht a bheith idir aon bheith shaoránach Eorpach, cuma cá as dóibh. Mura bhfuil an tAontas Eorpach in ann é sin a chinntiú do gach saoránach, níl sé ag déanamh an rud atá ceaptha dó.

B’fhéidir go bhfuil “saoránacht den dara grád” bainte anois de mhuintir na Seice, na Polainne, na Slóvaice agus eile. Ach ní hé sin deireadh an scéil. Tháinig dhá thír eile isteach san Aontas in 2007, an Bhulgáir agus an Rómáin, agus cuireadh an choinníoll chéanna orthu. Is saoránaigh Eorpacha den dara grád iad seo agus beidh go ceann tamaill eile; ní bheidh a n-am siúd istigh go dtí 2014. Is cosúil, mar sin, nach bhfuil an bríce deireanach bainte as an chuirtín iarrainn go fóill, ná baol air.

Bhuel, mar a léiríonn do léarscáil, is mó tír Eorpach atá fós lasmuigh den Aontas. Margadh polaitíochta atá i gceist; bíonn sall is anall agus margántaíocht i gcónaí i gceist. (Más buan mo chuimhne ghlac an dlinse seo le srianta ar Rómáinaigh agus Bulgáiraigh. Agus tá srianta leasa soisialaigh i réim fós)

comments powered by Disqus
Creative Commons License
Tá na haltanna ar an bhlag seo faoi chóipcheart agamsa, Michal Boleslav Měchura, mura bhfuil a mhalairt ráite. Tá cead ag gach duine na haltanna seo a athúsáid cibé bealach is mian leo, iad a chur i gcló i bhfoilseacháin eile fiú, ach cloí le forálacha Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Ireland License.
RSS RSS